Fáilte go Gaoth Dobhair

Foinse eolais do chuairteoirí go Gaoth Dobhair

Áiteanna le fanacht sa pharóiste Áiteanna le fanacht sa pharóiste

Má tá tú ag smaoineamh ar chuairt a thabhairt ar Ghaoth Dobhair, tá muid lánchinnte go mbéidh áit lóistín don scoth ag fanacht leat. Gheobhaidh tú do rogha idir óstáin, tithe lóistín, brú óige agus iostas féinfhreastái le fanacht ann le linn do chuairte.

Níos mó..
Ag Ithe & ag Ól i nGaoth Dobhair Ag Ithe & ag Ól i nGaoth Dobhair

Le linn do chúairte anseo go Gaoth Dobhair, ní bheidh ocras na tart ort!..le go leor siopaí caifé beaga deasa chomh maith le bialainn den scoth le mian ar bith a shásamh. Agus muna mbíonn tú réidh go fóill don leaba, beidh neart craic le fáil 'sna tithe leanna.

Níos mó..
Imeachtaí sa pharóiste Imeachtaí sa pharóiste

Suite idir an Atlantaigh Fiáin & Sléibhte Doire Bhéatha, tá Gaoth Dobhair foirfe faoi choinne gníomhaíochtaí eachtraíochta. Idir siúlóidí sna cnoic agus bádóireacht, níl gantannas ar bith deiseanna le fáil amach faoin aer.

Níos mó..
Grúpaí Pobail & Seirbhisí Grúpaí Pobail & Seirbhisí

Grúpaí Pobail agus Seirbhísí i gceantar Ghaoth Dobhair a chuireann seirbhísí riachtanacha ar fáil sa pharóiste ó chlubanna spóirt & scoileanna go dtí ionaid phobail agus seirbhísí éigeandála.

Níos mó..
Gnónna Áitiúla Gnónna Áitiúla

Anseo, tá liosta de ghnónna agus de sheirbhísí áitiúla i nGaoth Dobhair agus na ceantair mórthimpeall. I measc iad seo, tá siopaí, bláthadóirí, siopaí péint, gruagairí, tacsaithe & comhlachtaí bus.

Níos mó..
Eolas faoi Ghaoth Dobhair Eolas faoi Ghaoth Dobhair

Sa rannóg seo tá eolas maidir le paróiste Ghaoth Dobhair m.sh. stair áitiúil, teanga agus cultúr, ceol sa pharóiste, chomh maith le eolas faoi taisteal go Gaoth Dobhair.

Níos mó..

Gaoth Dobhair

Ceantar fíorálainn suite idir na Rosa agus Cloich Cheannaola, idir sliabh is cladach, i gcoirneál thiar thuaidh Thír Chonaill atá i nGaeltacht Ghaoth Dobhair. 

Anseo tá áilleacht mara agus tíre. Ó dheas, an Earagail, “Rí na gCnoc”, ina sheasamh go bródúil “ina stua os cionn caor is call” os cionn na codach eile – Taobh an Leithid agus Cró na Leacht ar thaobh amháin agus Sléibhte Dhoire Bheatha ar an taobh eile; Cró Nimhe agus Loch Dhún Lúiche “go ciúin sa ghleann ina luí”. Ó thuaidh, radharcanna aoibhne ó Chnoc Fola; na portaigh, glas le féar is donn le móin; tránna fairsinge ciúine agus céanna beaga seascair ag amharc amach ar na hoileáin, Gabhla, Inis Meáin, Inis Oirthir agus Inis Sionnaigh atá mar a bheadh slabhra ag cosaint na mórthíre ar stoirmeacha agus ar shíon an Atlantaigh.

 

Tabhair cuairt orainn...

 Siúlóidí aoibhne cois trá nó ag bun na gcnoc...... Tránna fairsinge glana..... Lá don teaghlach in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche.......Cúrsa gailf breá cois cladaigh i Machaire Gathlán........Caith lá ar Oileán Ghabhla ag spaisteoireacht agus ag amharc uait....Téigh go barr na hEaragaile go bhfeice tú áilleacht an cheantair..... Blais scoith an bhia farraige i mbialanna bréatha na háite.....Iascaireacht mhaith sna haibhneacha lonracha agus san fharraige ghlégheal......Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe agus Oileán Thoraigh sa chomarsanacht agat.