Na Mic Ua gCorra

Contact Details


Na Mic Ua gCorra , Fri, 26th Jul '19 @ 8:00pm @ Amharclann Ghaoth Dobhair

Beidh seó damhsa Breandán de Gallaí ar siúl san Amharclann ar an 26 Iúil, 8 in.

“Trialacha ar siúl roimh Fhéile Ealaíne an Earagail i mbliana do léiriú úrnua ina mbeidh cur chuige spreagúil, nua-aimseartha i dtaca leis an damhsa Gaelach de.

Tá cuireadh á thabhairt do dhamhsóirí idir 18 agus 25 a bhfuil caighdeán na gcraobhchomórtas acu, iarratas a chur isteach ar áit i gceardlanna a bheidh ar siúl in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an 13, 14 agus 15 Meitheamh 2019.

Beidh na ceardlanna seo á reáchtáil ag Na Mic Ua gCorra, ensemble nua don óige atá cruthaithe ag Éiriu, compántas damhsa Bhreandáin de Gallaí, an rinceoir agus cóiréagrafaí cáiliúil. Tá an ensemble á bhunú ag fear Ghaoth Dobhair le réamhspléachadh a thabhairt ar an 27 Iúil 2019 ar shaothar atá idir lámha aige a mbeidh idir cheol agus damhsa ann agus a chuirfear ar an stáitse ina iomláine den chéad uair le linn Fhéile Ealaíne an Earagail in 2020.

Má tá dúshlán uait, agus má tá tú sásta dul thar do dhícheall ó thaobh  na healaíne de, seol CV aon leathanaigh, nasc chuig físeán ar YouTube díot féin ag damhsa (2 bhomaite ar a mhéad) agus grianghraf, roimh an  spriocdháta, an 17 Bealtaine 2019, chuig bdegallai@gmail.com

Trialacha: Dé Sathairn, 25 Bealtaine 2019 ag 12 meán lae.

Ceardlanna: Déardaoin, 13, Dé hAoine 14 agus Dé Sathairn 15 Meitheamh, 10am – 5pm gach lá.

Léiriú (réamhspléachadh ar shaothar atá  idir lámha aige): Dé hAoine, 26 Iúil ar 8pm.