Coiste Forbartha Chnoc Fola

Coiste Forbartha Chnoc Fola, Gweedore

Maidir le Coiste Forbartha Chnoc Fola

Coiste Iomlán deonach atá i gceist. Ná príomh aidhmeanna atá ag an choiste nó forbairt a dhéanamh ar an pobal áitiúil. Freastalaíonn Coiste Forbartha Chnoc Fola ar ocht mbaile fearainn agus tá ionadaí ó gach baile fearainn ag freastail ar an choiste- An Charraic, An Ghlaisaigh,Bun an Inbhir, Bunaleaca, Mín a Chladaigh, Port uí Churráin, Glaiseach Chú agus Faoi Chnoc. Bhí an t-Ionad Pobail iontach gnóthacha i mbliana s’ imeachtaí ar siúl thairbhe achán trathnóna Ar an Luain bhí Íoga thuas an staighre le ranganna Jivail do pháistí, Ar an Mháirt bhí ranganna Jivail do dhaoine fasta, Dé ceadaoine bhí aclaíocht agus peil faoi díon,Déardaoin An Club Óige, Dé hAoine club na nDéagóirí agus ar an Domhnach Bióngo.Rang Garradóireacht tosacht anois ag an cáisc. Tá an tIonad anseo le freastail ar riachtanais Pobail Chnoc Fola idir Óg agus Aosta má bhíonn aon rang nó imeachtaí de dhith níl ort ach labhairt le duine ón choiste agus déanfaidh muid ar ndícheall an seirbhís a chuir ar fáil. Fó Choiste an Chlub Óige: • Tá 99 cláraithe le Club óige Chnoc Fola- Tá an chlub cláraithe faoi Óige Na Gaeltachta- Bíonn muid ag reachtáil achán trathnóna Deardaoin Ón 7.00 go 8.30. • Rinne ná páistí maisiúcháin Nollaig do Chrann Nollaig Teach Phobail • Chuaigh muid ar cuairt chuig Santa sa Shandon • Ghlaic muid páirt sa Gael factóir agus tháinig muid triú áit le Dán a bhí a rá ag Lucaí Beag Nic Geehan. • Beidh muid ag reachtáil campa caisc 10/04/17 go 14/04/2017 béidh 4 fostaithe agus tá sé lán. • Tá muid ag súil le campaí a reachtail nuair nach bhfuil scolairí sa tIonad le linn an tsamhraidh.Dátaí le socrú. Rinne muid áth bhúnúcháin ar Club na nDéagóirí- Bíonn sé ar siúl achán Aoine ó 6.30 go dtí a 8.00. Tá 25 cláraithe linn agus tá muid cláraithe le Óige na Gaeltachta. Fó Choiste na hEaglaise: Rinneadh cuid mhór oibre ar Teach an Phobail le cúpla bliain anuas –Tá an taobh istigh agus amuigh cóiriste agus péintáilte, rinneadh suas an sacristaí agus tá seomra urnaí agus síor adhradh ann anois. Rinneadh áth bhunúcháin ar an cór is tá ceol galanta le cloistéail achán Domhnach ár mbuíochas do ná ceannairí. Ceannaóidh cathaoireacha úr don altóir. Rinneadh cuimhneaháin i gcuimhne Joe Phaidí Mhary a nochtadh ár mbuíochas do SOLAS/Fás os cúrsa obair cloch a chuir ar fáil leis an cuimhneacháin a dhéanamh dúinn. Bhí Lá teaghlaigh ann le BBQ- spraoi agus Spóirt. Rinneadh obair cóiriúcháin ar Alt na Péiste agus bhí páidrín galanta againn ann ar lá Mhuire 15/08/17.Ghlaic 22 déagóir os Pobail Chnoc Fola páirt i Oilidhreacht chuig Medjugoure i Samhain 2017 leis an Athair Donnchadh agus tAthair Brian Ó Fearraigh. Forbairt Pobail: • Nochtadh carr chlós Chnoc Fola le Fáilte Ireland mar pháirt de slí an Atlantaigh Méan Fómhair 2015 • Thug an tAire Joe Mc Hugh cuairt ar an choiste Deireadh Fómhair 2015 • Comórtas Ealaín idir na scoileanna áitiúil choinne dearadh an altóir úr sa sacristy • Soilse curtha in airde in Port Uí Chuirráin • Scoil Mín a’ Chladigh anois faoi churam an choiste le leas 20 bl • Bhí muid mar ionadaí ar choiste pleanáil teanga faoi udarás na Gaeltachta le dhá bhlain agus chuidigh muid leis an phlean agus na suirbhéanna a chuir i gcrích i gceantar pobail Chnoc Fola • Bealaigh cóiriste-thíos ar an trá Ghéail, trá an Ghlaisigh, cois an Chladaigh, an Dúileach Pleananna atá muid ag obair air faoi láthair: • Plean loch an Inbhir – tá cóip de seo ar fáil anseo anocht agus tá an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne ag amharc ar faoi láthair. • Tá iarratais istigh le SEAI faoi áth chóiriúcháin a dhéanamh ar córas teas agus soilse an tIonad Pobail cóip de ná moltaí le feicéail anseo anocht.Deontais de 50% • Tá obair deisiúchain le déanamh ar carr chlós an tIonad Pobail tá muid ag fanacht le cead pleanail faoi láthair agus tá cóip den phlean sin ar fáil anocht. • Ag labhairt leis an CC agus tugadh 6 lód 804’s le obair a dhéanamh ar an bhealach thíos in aice leis an phointe beidh seo curtha i gcríoch roimhe an cháisc.Díolann muidinne os obair an meaisaín agus díolann an CC os an bunábhair.

Saghas
Áiseanna
Gaeilge & Fáilte
Oiriúnach do chathaoireacha rothaí
Fáilte roimh ainmhithe
Airteagail