Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair

-
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Srath na Corcra Na Doirí Beaga Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Maidir le Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
D’fhás Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair as cúrsa i bhforbiart phobail a reáchtáladh faoi scáth Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i nGaoth Dobhair i 1984/85. Bunaíodh coiste Forbartha Ghaoth Dobhair i dtosach agis b’as an choiste sin a d’fhás an Comharchumann. Ceannaíodh an tseanCheardscoil i 1989 ó Choiste Ghairmoideachas Chontae Dhún na nGall le cuidiú ó Údarás na Gaeltachta. Rinneadh athchóiriú le cuidiú ó Roinn na Gaeltachta agus clár Intereg. Tháinig an Comharchumann isteach san Ionad i 1992. Tá forbairt déanta ar an ionad ó shin mar Ionad Gaeilge, Oideachas agus Fiontair. Cuireadh síneadh breise de 700 mheadar cearnógach leis an fhoirgneamh i 2003-2004, le cuidiú ó Údarás na Gaeltachta agus an Chiste Idirnáisiúnta d’Éirinn.
Saghas | |
---|---|
Áiseanna | Gaeilge & Fáilte
|
Airteagail |