Comharchumann na nOileán Beag (Ancaire)

Comharchumann na nOileán Beag (Ancaire), Gweedore

Maidir le Comharchumann na nOileán Beag (Ancaire)

Tá Comharchumann na nOileán Beag (Ancaire) ar an bhfód ó 1998. 
Tá dhá sprioc ag an Chomharchumann:

1.Forbairt na nOileán
2.Cumasú na noileánach

Stádas Dlíthiúil 
Tá Ancaire cláraithe mar Comharchumann le Cláraitheoir na gCarad-Chumann. 

Comhdhéanamh Ancaire 
Tá seachtar scairshealbhóirí ag Ancaire. Roghnaíonn gach aon oileán scairshealbhóir amháin don Chomharchumann agus ionadaí amháin le bheith mar bhall ar coiste bainistíochta na heagraíochta. 
Tá coiste forbartha ar gach aon oileán agus is iad na coistí seo a roghnaíonn ionadaithe na noileáin éagsúla: 

Baill an Chomharchumainn:

Coiste Forbartha Oileán Ruaidh 
Coiste Forbartha Inis Mhic a Doirn 
Coiste Forbartha Inis Caorach 
Coiste Forbartha Oileán Ghabhla 
Coiste Forbartha Inis Oirthear 
Coiste Forbartha Inis Fraoigh
.Coiste Forbartha Inis Bó Finne 


An Stáid Reatha

Tá réimse acmhainní nádúrtha ar na hoileáin (tírdhreach agus radharcanna áille, cósta, farraige agus tránna, timpeallacht suaimneach, éanla agus fásra sainiúil, &rl.) agus tá deiseanna maithe forbartha ag an hoileáin ó thaobh na turasóireachta. 
Meastar go bhfuil deis na hoileáin a dhíriú ar chuairteóirí atá ag lorg timpeallacht nádúrtha agus gnathóg ciúin, socair spioradálta. Tá deis freisin forbairt a dhéanamh ar saoire gníomhaíochta ag baint leis sa acmhainní nádúrtha na hoileáin. 

Is oileáin Ghaeltachta iad na hoileáin seo agus tá deis forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh teanga bhunaithe agus an Ghaeilge a úsáid mar uirlis chun cuairteoirí a mhealladh agus imeachtaí Gaelacha a reáchtáil. 

Tá triúr de chuid oileáin bheaga Dhún na nGall mar phointí aitheanta ar Bhealach an Atlantaigh Fhiain (Inis Fraoigh, Gabhla agus Inis Bó Finne). 

Saghas
Áiseanna
Gaeilge & Fáilte