Ionad Cois Locha

Ionad Cois Locha, Gweedore

Maidir le Ionad Cois Locha

Is feidir leat dul arais in am agus cuairt a thabhairt ar áitreabh an fhíodóra a bhfuil clú agus cáil air ar fud an domhain, Manus Ó Fearraigh. Is feidir sult mhór a bhaint as na scealtaí ó fada ó shin a bhéas a insint ag ár dtreoraí le sean thaithí turais. Is féidir turas bád a thabhairt amach ar Loch Dhún Lúiche, áit ar féidir leat eastát Guinness a fheiceáil (coinnigh do shúil amach don bhean ghlas a deirtear a bhéas ag siúl an tí). Mas mian leat is féidir fanacht ar thalamh thirim agus is féidir leat síob a fháil ar an traein. Fosta do dhaoine a bhfuil neart fuinnimh acu tá áit súgartha eachtraíochta ann le neart gníomhaíochtaí ar nós; Luascáin, sleamhnáin, fráma dreapadóireachta, sreang sip, tarbh rodeo, ballaí dreapadóireachta, bád troitheán , cadhcanna, liathróidí sóirb agus preabchaisleáin.

Saghas
Áiseanna
Gaeilge & Fáilte
Bia ar fáil
Deoch ar fáil
Oiriúnach do chathaoireacha rothaí
Cárta Creidmheasa
Airteagail
Upcoming Events
Aoine, 25ú Eanáir '19 @ 8:00pm

Sáth, 26ú Eanáir '19 @ 8:00pm

Aoine, 26ú Aibreán '19 @ 7:00pm

Ócáidí uilig fa choinne Ionad Cois Locha (3)