Seoladh Aonach Tailteann 2018

Sonraí


Seoladh Aonach Tailteann 2018, Domh, 17ú Nollaig '17 @ 5:00pm @ Amharclann Ghaoth Dobhair

Seolfaidh an ceoltóir aitheanta, Ciarán Ó Maonaigh, agus an rothaí Clodagh Ní Ghallchóir 'Aonach Tailteann 2018' go hoifigiúil in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an 17 Nollaig. 

Nochtar leagan amach nua ar chomórtais an Aonaigh, ionad na gcomórtas agus gach eolas eile faoi Aonach Tailteann 2018 ag an ócáid. 

Cuirfear fáilte roimh iomaitheoirí na bliana 2017, iad sin ar mhaith leo páirt a ghlacadh in imeachtaí na bliana 2018 agus lucht tacaíochta na féile ar fad ag an seoladh. 

Beidh ceol agus sólaistí ann ina dhiaidh.