Aisling? 'An Ród Romhainn'

Sonraí


Aisling? 'An Ród Romhainn', Aoine, 8ú Nollaig '17 @ 8:00pm @ Amharclann Ghaoth Dobhair

Le Ealaín na Gaeltachta

 

Léiriú eisiach aon-oíche de ‘Aisling? An Ród Romhainn’, a thabharfaidh léargas ar phróiseas forbartha an mhór-thogra ilmheáin ealaíne, faoi stiúir Dharach Mac an Iomaire.

 

Turas machnamhach ealaíne atá sa seó speisialta seo ina ndéantar scéal na Gaeltachta a chíoradh go taibhsiúil le hábhar nua-choimisiúnaithe ó scoth na n-ealaíontóirí: Mairéad Ní Mhaonaigh, Johnny Óg Connolly, Caoimhín Ó Fearghail, Pól Ó Ceannabháin, Seán Ó Flaithearta, Méabh Ní Bheaglaoich, Ciarán Ó Maonaigh, Úna Ní Fhlatharta, Róisín Seoighe, Eoin Mac Donncha, Eoghan Mac Giolla Bhríde.