Cabaret Craiceáilte

Sonraí


Cabaret Craiceáilte, Sáth, 31ú Marta '18 @ 9:00pm @ An Cabaret Craiceáilte

Beidh an Chabaret Craiceáilte ar ais Tigh Hiúdaí, ar an Satharn deireanach den mhí mar is gnáth, Dé Sathairn 31 Márta, Satharn Cásca, le 

Bianco Sporco ( grúpa ceol na cruinne le ceoltóirí as an Chatalóin & an Spáinn)

Kneecap ( an grúpa rap is dalba in Éirinn as Gaeltacht Uirbeach Bhéal Feirste ) 

Abhainn Bhearra ( grúpa reggae/func/rac an fhásaigh/ gaelach as Béal Feirste), 

Pádraig Jack ( Pap Amhránaí ar dóigh as Oileán Árainn na Gaillimhe ) 

agus Cathal agus a chairde : grúpa mire ceoltóirí a bhéas curtha le chéile ag Cathal Ó Curráin as Gaoth Dobhair, lena chomh scoláirí ón chúrsa céime sa Cheol in Ollscoil Luimnigh.

 

Sin agus corr rud eile, Dé Sathairn 31 Márta .