Ceol ag an Chaisleán

Sonraí


Ceol ag an Chaisleán, Deard, 12ú Iúil '18 @ 1:00pm @ Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

 

Tá cuireadh agat ó Fhéile Ealaíne an Earagail chuig tráthnóna de sheisiúin i dtimpeallacht fhíorálainn Chaisleán Ghleann Bheatha. Le cois na gceoltóirí cáiliúla cónaithe, The California Feetwarmers, beidh ceol le cluinstin ón tsárghrúpa sin de chuid Ghaoth Dobhair, Crann Óg, agus beidh fáilte roimh chách chuig an cheiliúradh seo ar an cheangal atá ag ceoltóirí cheol tíre Dhún na nGall lena macasamhail thar lear.