Féile Wainfest

Sonraí


Féile Wainfest, Sáth, 6ú Deireadh Fómhair '18 @ 2:00pm @ Amharclann Ghaoth Dobhair

Tá Jeramee, Hartleby agus Ooglemore cois trá. Tá go leor ag tarlú – caitheann Hartleby go leor ama ag tabhairt orduithe agus é ag iarraidh an áit is fearr ar an trá a aimsiú. Tosaíonn Oooglemore ag damhsa agus ag déanamh gaisce ach buaileann sé an liathróid go róchrua, cailleann sé é agus milleann sé an cluiche. Imíonn Hartleby leis agus é crosta. Cuireann Jeramee gach rud ina cheart arís.

Baineann Jeramee, Hartleby agus Oooglemore sásamh agus só as a soineantacht álainn agus as a n-amaideacht aoibhinn féin. Tagann an triúr seo le chéile agus neart le rá acu ach gan ach trí fhocal acu lena rá.

 Saor in aisce

Aois/Age:  3  +