Ireland’s Call – John Connors

Sonraí


Ireland’s Call – John Connors, Aoine, 26ú Iúil '19 @ 8:00pm @ Amharclann Ghaoth Dobhair

Ticéid / Tickets (www.eaf.ie)

Seo scéal faoi thriúr as Baile Átha Cliath a bhfuil roghanna éagsúla saoil acu ach is léir go bhfuil siad ag gabháil i dtreo saol an choirpigh.

Tá clú agus cáil ar John Connors cheana féin mar aisteoir den chéad scoth (‘Love/Hate’ ar RTÉ), ach leis an dráma seo, tá sé ag toiseacht mar scríbhneoir.

“Léargas ar shaol agus stair teaghlaigh triúr fear óg agus iad ag fás aníos sa Chúlóg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Caidé a mhúnlaigh iad agus a mheall i dtreo na coireachta iad? Sa dráma nua seo, dírítear ar chúrsaí aicme, reiligiúin agus féiniúlachta agus tá iniúchadh grinn, ionraic le fáil ann ar an tsícé Éireannach agus léiriú ann ar ár gciontacht choiteann, ár rúin agus ár bhfabhbanna.

Tá John Connors ar dhuine de mhóraisteoirí ár linne. Tá aird idirnáisiúnta bainte amach aige as a ról mar Patrick Ward sa tsraith choireachta Love/Hate agus as a ról in Cardboard Gangsters, a ghnóthaigh gradam don aisteoir ab fhearr do ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann in 2017.Forbraíodh an dráma seo mar chuid de Show In A Bag, tionscnamh forbartha ealaíontóirí de chuid Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath, Fishamble: The New Play Company agus Institiúid Téatair na hÉireann, tionscnamh a bhfuil sé mar sprioc aige acmhainní a chur ar fáil do lucht scríofa drámaí agus aisteoirí.” (www.eaf.ie)

Curtha ar fáil ag Féile Ealaíne an Earagail
Tuilleadh eolais: http://www.eaf.ie/events/irelands-call-john-connors/