Cór Ghlórthaí Uladh & Cór Óg na Crannóige

Sonraí


Cór Ghlórthaí Uladh & Cór Óg na Crannóige, Sáth, 10ú Lúnasa '19 @ 8:00pm @ Amharclann Ghaoth Dobhair

Beidh ceolchoirm le Cór Ghlórthaí Uladh agus Cór Óg na Crannóige ar siúl san Amharclann ar an 10ú Lúnasa mar pháirt de Loinneog Lúnasa. Beidh siad ag ceol rogha amhrán Chúige Uladh. Beidh an cheolchoirm ar siúl ag 8 i.n. Táille : €12

Cór Ghlórthaí Uladh and Cór Óg na Crannóige will have a concert in the Amharclann as a part of Loinneog Lúnasa. The two choirs will be performing traditional favourites. The concert will be starting at 8 p.m. €12

 

Glórthaí Uladh

Cór traidisiúnta as Gaeltacht Thír Chonaill agus ceoltóirí as thart ar Chúige Uladh uilig, le rogha amhrán Chúige Uladh. Is amhránaithe sean-nóis den scoth iad go haonarach agus nuair a cheolann said i dteannta a chéile, cruthaíonn siad fuaim sean-nósach cé go bhfuil cóiriúchán déanta ar na hamhráin. Doimnic Mac Giolla Bhríde, stiúrthóir an chóir.

Cór Óg na Crannóige              

Fuair Cór Óg na Crannóige faoi stiúr Bhrídín Uí Bhraonáin an chéad áit ag Féile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach 2019.  Is amhránaithe óga an cheantair atá sa chór seo.