Coláistí Samhraidh Gael Linn

Coláistí Samhraidh Gael Linn, Gweedore

Maidir le Coláistí Samhraidh Gael Linn

Ó bunaíodh an eagraíocht tá Gael Linn ag tacú le foghlaimeoirí agus le múinteoirí Gaeilge. Ar ár gclár reatha tá cúrsaí teagaisc do dhaoine fásta agus do dhaoine óga, áiseanna tacaíochta foghlama agus deiseanna chun an teanga a úsáid.

Eagraíonn Gael Linn coláistí samhraidh do dhéagóirí i dtrí mhórcheantar Gaeltachta – i gContae Dhún na nGall, in iarthar Chontae Chorcaí agus i dtuaisceart Chontae Mhaigh Eo. Sna hionaid seo eagraítear cúrsaí do dhéagóirí le linn Meithimh, Iúil agus Lúnasa. Sainchúrsa spóirt is ea ceann de na cúrsaí.

Tá taithí na mblianta ag Gael Linn i mbun cúrsaí d’aosaigh. Tá na cúrsaí bunaithe ar na cleachtais is fearr ó thaobh múineadh teanga de agus bíonn múinteoirí ardcháilithe in a mbun. Reáchtáltar iad i mBaile Átha Cliath le linn na bliana agus sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh. Is feidir sainchúrsaí a sholáthar d’eagraíochtaí agus d’institiúidí chomh maith.