Galf Chumann Ghaoth Dobhair

-
Galf Chumann Ghaoth Dobhair Machaire Gathlán Gaoth Dobhair
Maidir le Galf Chumann Ghaoth Dobhair
Sin Thíos Chois na Trá – an áit a chaith ár muintir sna glúnta romhainn, laethanta fada agus samhraidh phléisiúrtha ag buachailleacht agus ag curaíocht. Sin suíomh Gailf Chúrsa Ghaoth Dobhair leis an fharraige agus na hoileáin ar thaobh amháin do agus an Earagail ag amharc anuas air. Bhí galf a imirt i Machaire Gathlán ó 1923 ach níor bunaíodh an club go dtí 1927 agus choinnigh ag dul go 1939. Ba iad Micí ‘n Cope Ó Gallchóir, Tomás John Mac Giolla Bhríde, Hughie Thomais Bhiddy Mac Giolla Bhríde, Jim Boyd, Paddy & Kitty Sheáin a’ Dualtaigh, Annie Donie Thuathail, Francie Molloy, Maggie Néill Uí Fhearraigh, Kitty Blake agus Bella ‘n Dualtaigh a tháinig le chéile le tús a chur leis. Ba é Charlie McMonagle an chéad Rúnaí. D’fhoscail Canon Kerr, Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair, an cúrsa 9 bpoll i 1927 a bhí leagtha amach ag Mr. McCready as Óstán Milford agus James Breslin. B’é Jack Phaddy Fheidhlimí ó Curráin an chéad ‘Greenkeeper.’ Chosain an clubtheach úr, a tógadh ag balla na Reilige, £27! Is cosúil nach raibh an Cumann ag feidhmnú ó 1939, d’ainneoin an dícheall a rinne Fr. Pat Deeney. hAthbhunaíodh an Cumann i 1960 agus rinne sé dul chun cinn iontach ó shin. Tomás John Mac Giolla Bhríde, Fr. Bonar, Johnny Sheáin ó Gallchóir, Micí ‘n Cope, Dr. Carr, Garda Paddy Boyce, Kevin Gillespie, Jack Ferry, Joe Hudí Mhóir Ferry, Pat Arnold, Colm Mac Giolla Bhríde agus Nábla Coyle a bhí freagrach don athbheochan agus Johnny Sheáin mar Rúnaí. D’imir an club den chéad uair i gcluichí Comórtais Condae Gailf i 1968 i Rath Mhaoláin. I 1981 shroich an club Cluiche Ceannais Condae den chéad uair. Chaill said in éadán Bun Dobhraín. Bhain an club an chéad Cluiche Ceannais Condae i Sraith na Mionúr i 1984 i gcoinne Leitir Ceanainn. Baineadh Príomh Shraith na Condae den chéad uair i 1998. Bunaíodh Cumann Gailf na mBan i 1977. Ba iad na Ceannródaithe an uair sin : Kath Hussey, Sarah Gallagher, Nuala McCole, Sandra McGinley, Moya O’Donnell, Carmel McWeeney, Paula McCaughan, agus Kathleen Rodgers.
Saghas | |
---|---|
Áiseanna | Gaeilge & Fáilte
Bia ar fáil
Deoch ar fáil
Oiriúnach do chathaoireacha rothaí
|
Airteagail |