An Chúirt

-
An Chúirt Bunbeag Leitir Ceanainn Co. Dún na nGall
Maidir le An Chúirt
Céad Mile Fáilte go dtí An Chúirt, Óstán agus Club Sláinte an Earagail, atá suite ar shuíomh galánta ar bhruach Abhainn na Cláidigh. Tá cuid de na radharcanna is áilne sa tír thart timpeall an óstáin 4 réalt seo atá lonnaithe i nGaeltacht Ghaoth Dobhair i gceartlár Chontae Dhún na nGall. Tá An Chúirt tógtha ar dhúshraith an tí a raibh an Tiarna George Hill ina chónaí ann i nGaoth Dobhair sna 1830idí. Níos moille ná sin, baineadh úsáid as an teach mar Lóiste Seilge agus ansin mar óstán go luath sa 20ú céad. Ag deireadh na 1980idí, chuir fear áitiúil, Patrick Doherty, agus a chlann rompu féin an áit a athchóiriú. Tá sé soiléir go rabhthas an-díograiseach i ndáil le hatmaisféar an tseanóstáin a choinneáil ar fud an fhoirgnimh. Ó mhínealaín, fabraicí agus troscán den chéad scoth, seandachtaí poircealláin agus píosaí stairiúla, gan trácht ar an radharcra mórthaibhseach, is seoid fholaithe é. Tá an t-óstán seo, ina bhfuil 66 seomra, gar do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Tá radharcanna gálánta gan sárú sa cheantar seo de Dhún na nGall agus is féidir le haíonna an óstáin taitneamh a bhaint as siúlóidí sléibhe agus foraoise, agus gleanntá lochlíonta ar imeall an Atlantaigh. Le blianta fada, tá saintaithí againn ar bhainseacha agus tá áit inár seomra álainn cóisire do 250 aoi, ionad idéalach d'ócáid ar bith. Tá clú inmhaíte tuillte ag ár mbialann dá cuid béilí blasta úrdhéanta a chuirtear ar fáil i dtimpeallacht chairdiúil gan strus. Tá móréileamh ag muintir na háite agus aíonna araon ar Lón an Domhnaigh. Is féidir béilí a ghlacadh fosta in atmaisféar níos neamhfhoirmeálta i mBeár PJD, óna bhfuil radharcanna iontach ar An Chláidigh . Tá liosta cuimsitheach dí ar fáil sa bheár. Tá fáilte roimh aíonna atá ag fanacht san óstán Club Sláinte an Earagail a úsáid saor in aisce. Tá duaiseanna bainte ag an Chlub seo ina bhfuil Linn Hidriteiripe 20 méadar, Sabhna, Seacúsaí, Seomra Gaile, Teallúiriam, linn snámha 20 méadar ar leibhéal deice, linn snámha do pháistí agus giomnáisian lánfheistithe. Laistigh den chlub chomh maith, tá Sciamhlann Serenity ina gcuirtear ar fáil réimse de chóireáil scéimhe agus gruaigaireachta. Táimid ag súil le fáilte a chur romhat gan mhoill. Faoi choinne tuilleadh eolais nó cuidiú ar bith a d’fhéadfadh muid a thabhairt duit, faigh i dteagmháil linn inniu, le do thoil.
Saghas | |
---|---|
Áiseanna | Gaeilge & Fáilte
Bia ar fáil
Áit Lóistín
Deoch ar fáil
Wifi saor in aisce
Oiriúnach do chathaoireacha rothaí
Cárta Creidmheasa
|
Airteagail |