CLG Ghaoth Dobhair

-
CLG Ghaoth Dobhair CLG Ghaoth Dobhair Magheragallon Derrybeg
Maidir le CLG Ghaoth Dobhair
Bunaíodh fochumann Ghaoth Dobhair ag cruinniú I dtoigh Mhaighreád Frainc I mBaile Bhriaghní roimh Shamhain na bliana 1931. Bhí rath ar an triú iarracht seo fochumann a bhunú sa pharóiste. Bunaíodh Coiste Contae Dhún na nGall de C.L.G I mí Dheireadh Fómhair 1905 agus bunaíodh “The Gweedore Hurling and Football Club” (nó na Gweedore Old Celts) taobh istigh de mhí. Tháinig meath I ndiaidh na bliana 1907, meath a mhair gur athbhunaíodh an Coiste Contae in Earrach na bliana 1919. Bhí dhá fhoireann as pobal Ghaoth Dobhair – Gaoth Dobhair agus na Derrybeg Emmets – ag imirt I gCraobh na Bliana 1922 ach is cosúil go dtáinig lag trá eile ansin. Bhí peileadóirí as Gaoth Dobhair ag imirt don Chlochán Liath go dtí gur bunaíodh fhochumann Ghaoth Dobhair I nGeimhreadh na bliana 1931. Níorbh fhada go raibh fochumann bríomhar agus foirne láidre ag Gaoth Dobhair. Ba iad na blianta idir 1961 agus 2001 blianta an Ghorta Mhóir. Níor baineadh aon Chraobh Shinsireach le linn na blianta fada sin. Ach níor múchadh an lasair I mblianta an dorachais agus coinníodh ag streachailt go dícheallach in am an anáis. Bhí dlúthbhaint ag Gaoth Dobhair le bunú Chomórtas Peile na Gaeltachta 1969. Bhain siad an Comórtas Náisiúnta trí huaire roimh dheireadh an chéid agus d’fhan dílis dá bhunphrionsabail. Tógadh an Clubtheach breá ag taobh na páirce agus fosclaíodh go hoifigiúil é sa bhliain 1984. Bhíothas dílis I gcónaí do Scór Sinsear agus Scór na nÓg. D’éirigh go geal linn le cúpla bliain anuas ag na comórtais sin. Tá an pheil Ghealtach agus Cumann Lúthchleas Gael mar pháirt lárnach de shaol phobal ghaoth Dobhair agus dlúth cheangal ag an phobal ar fad leis an chumann. Is fóchumann láidir Gaelach agus Gaeltachta muid, agus tús áite a thabhairt againn I gcónaí do bhun spriocann Chumann lúthchleas Gael agus dár dteanga. Tá go leor imeachtaí san Ionad I Machaire Gathlán gach oíche sa tseachtain le freastal a dhéanamh ar an phobal.
Saghas | |
---|---|
Áiseanna | Gaeilge & Fáilte
|