Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair

Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, Gweedore

Maidir le Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair

Beidh an 6ú Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair á reáchtáil ón  27ú Nollaig 2019 go dtí an 1ú Eanáir 2020. Tá réimse leathan imeachtaí i gclár na bliana seo, le ranganna ceoil traidisiúnta uirlise, amhráin Gaeilge; léachtaí; seinm ceoil; imeachtaí do leanaí; agus sraith iontach coirmeacha ceoil le ceoltóirí den scoth.

 

Beidh na himeachtaí uilig ar bun i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, i seacht bpríomhionad: Teach Jack, Na Doirí Beaga; Teach Hiúdaí Beag, An Bun Beag; Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga; An Gailearaí, Páirc Ghnó an Údaráis, Gaoth Dobhair, Club CLG, Gaoth Dobhair, Óstán An Chúirt, Gaoth Dobhair, agus Ionad Cois Locha i nDún Lúiche

Bain Sult as!