Ionad Naomh Pádraig

Ionad Naomh Pádraig, Gweedore

Maidir le Ionad Naomh Pádraig

Nuair a scríobhfar agus a léifear stair agus scéal Ionad Naomh Pádraig sna blianta atá amach romhainn, tá muid dóchasach go mbeidh sé le feiceáil go soiléir dón té dar dúil leis nó léi é, gur fíor an seanfhocal a deir; 'Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine'. Cuireann scéal an Ionaid, feoil ar bhriathra tábhachtachta mar dian-iarracht agus dea-thoil an phobail áitiúil nó fís agus ceannródaíocht an choiste stiúrtha nó tacaíocht láidir mhuintir na háite agus eagraisí áirithe.

 

Tá misean Ionad Naomh Pádraig bunaithe ar an ráiteas Laidine:Facta Non Verba, a chiallaíonn, Beart in áit Briathar. Seo an fhealsúnacht a sheolann ar aghaidh coiste riartha an Ionaid ina gcuid iarrachtaí agus oibre. Tá an meanma fhuinniúil seo mar bhonn ríofa i ngach gné dé reáchtáil agus de bhainistiú an Ionaid chomh maith. In áit barraíocht cainte a dhéanamh, aghaidh a thabhairt go dian dícheallach ar an tásca idir lámh agus é a thabhairt chun críche go héifeachtach, proifisiúnta agus go rathúil.

Is coiste deonach iad, coiste stiúrtha an Ionaid, mar atá Coiste Forbartha Dhobhair atá ag saothrú leo go beo bisiúil ar mhaithe le pobal na háite. Bíonn mórtas cine 's ceantair i gcroílár a gcuid iarrachtaí uilig agus iad i mbun a gcuid oibre ag éisteacht le agus ag gníomhú ar son baill uilig an phobail, chun go mbeadh deis ag achan duine, idir leanbh 's liath, sult agus pléisiúr a bhaint as saol na Gaeltachta, chomh maith le as an réimhse leathan imeachtaí sóisialta, cultúrtha agus oideachasúil a chuirtear ar fáil díofa in Ionad Naomh Pádraig.

Mar fhocal scoir, is lárionad sármhaitheasa é Ionad Naomh Pádraig a bhfuil clú agus cáil air i ngar agus i ngcéin, de bharr an ardchaighdeáin feabhais atá le feiceáil i ngach gné de shaol agus d'imeachtaí an Ionaid.

Saghas
Áiseanna
Gaeilge & Fáilte
Bia ar fáil
Wifi saor in aisce
Oiriúnach do chathaoireacha rothaí
Fáilte roimh ainmhithe
Airteagail