Oileán Ghabhla

Maidir le Oileán Ghabhla
Is seod é Gabhla atá ina luí amach ó chladach Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill ar an taobh thiar thuaidh d’éirinn. Tá sé tuairim agus míle farraige ó Mhachaire Gathlán agus thart ar dhá mhíle ó ché an Bhuna Bhig. Tá suas le 500 acra talaimh ann. Soir ó thuaidh uaidh tá Inis Meáin agus ó thuaidh arís tá Inis Oirthir. Siar ó dheas tá Uaigh agus Inis Fraoigh íochtarach. Tá dhá ché i nGabhla, cé Thráigh na mBláthán ar an taobh thoir agus cé Phort an Chruinn ar an taobh ó dheas. Tá úsáid na gcéanna ag brath ar an chóir ghaoithe; muna mbíonn foscadh ag cé amháin bíonn ag an cheann eile. Tá an t-oileán cnocach ar an taobh thiar agus is ann atá an Mhaoil Mhór, an Gruagán agus Cnoc an Chait a bheireann foscadh do na tithe a ritheann ina ribín ar an taobh thoir. Tá Loch Mhachaire na nGall i lár an oileáin agus bhí am ann nuair a bhí sí ramhar le heascann. Tá cúig nó sé de thoibreacha fíoruisce ar an oileán agus iad scaipthe go breá áisiúil don mhuintir a bhíodh ag tarraingt uathu. B’as na toibreacha sin a thógtaí an t-uisce a mbaintí úsáid as lena ól agus leis an níochán agus leis an chócaireacht a dhéanamh. Ar an taobh thoir thuaidh den oileán, tá an portach agus tá sin ann, móin chomh dubh le gual. Tabhair cuairt ar an oileán le Bád Farantóireachta Ghabhla
Dreapadóireacht | Dreapadóireacht ar Ghabhla  |
---|---|
Siúlóidí & Cnocadóireacht | Slí Ghabhla  |
Imeachtaí ar Uisce | Dreapadóireacht ar Ghabhla  |