Inis Oirthear


Maidir le Inis Oirthear

Mar a deir an t-ainm, Inis Oirthear, an t-oileán thoir is ciall leis an ainm. Tá sé ar an cheann thoir don line oileán atá ag sineadh ó Árainn Mhór soir go Toraí.

Oileán cumhan, fada thart fá mhíle ar fad agus ceathrú mile ar leithne atá in Inis Oirthear. Tá sé thart fá mhíle i bhfarraige amach ó chósta Ghaoth Dobhair.

Meastar gur le linn aimsir an ghorta a bhog bunús na ndaoine ón tírmór go dtí an t-oileán. Ag tús na ficheadh aois, bhí thart fá dhoiseán teaghlach ina gconaí ar an oileán agus bhí scaifte mór paistí i ngach teaghlach.

Cosiúil le oileáin eile thart ar chósta na hÉireann, thosaigh meath ag teacht ar dhaonra Inis Oirthear ins na caogadaí.

Tá cliú agus caill ar mhuintir Inis Oirthear mar iascairí, agus mar sheoltóirí.

Tá Coiste Forbartha bunaithe ag bunadh Inis Oirthear on bhliain 2007.
Cathaoirleach: Tadhg Mac Conuladh
Rúnaí: Pádraig Mac Gairbheith

Tá siad ina mbaill do Chomharchumann na nOileán Beag, scáth eagraíocht oileáin bheaga Dhún na nGall.

le Máirín Uí Fhearraigh