Na hOileáin
Is fada daoine ina gcónaí ar na hoileáin ar chósta na paróiste. De réir an daonáirimh in 1841, bhí 84 ina gcónaí orthu - 68 i nGabhla, 12 ar Inis Meáin, 4 ar Inis Sionnaigh agus gan duine ná deoraí ar Inis Oirthir.
In 1851, bhí 226 agus in 1861, 248 duine. Claonadh iontach neamhghnách a bhí sa mhéadú ollmhór seo sna blianta le linn agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir. Is amhlaidh a tharraing cuid mhór teaghlach ar na hoileáin in am an anáis.
Inis Meán
Tá Inis Meán thart ar 1km ó chósta Ghaoth Dobhair suite idir Oileán Ghabhla (ó dheas) agus Inis Oirthear (aduaidh). Bhí cónaí ar an oileán go dtí na seascaidí. Inniu tá an mhór chuid de na tithe tréigthe, ach tá cuid acu anois in úsáid mar thithe samhraidh. Níl leictreachas nó uisce reatha ar Inis ...
Inis Oirthear
Mar a deir an t-ainm, Inis Oirthear, an t-oileán thoir is ciall leis an ainm. Tá sé ar an cheann thoir don line oileán atá ag sineadh ó Árainn Mhór soir go Toraí.Oileán cumhan, fada thart fá mhíle ar fad agus ceathrú mile ar leithne atá in Inis Oirthear. Tá sé thart fá mhíle i bhfarraige amach ó chós...
Oileán Ghabhla
Is seod é Gabhla atá ina luí amach ó chladach Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill ar an taobh thiar thuaidh d’éirinn. Tá sé tuairim agus míle farraige ó Mhachaire Gathlán agus thart ar dhá mhíle ó ché an Bhuna Bhig. Tá suas le 500 acra talaimh ann. Soir ó thuaidh uaidh tá Inis Meáin agus ó thuaidh arís t...