Na hOileáin

Is fada daoine ina gcónaí ar na hoileáin ar chósta na paróiste. De réir an daonáirimh in 1841, bhí 84 ina gcónaí orthu - 68 i nGabhla, 12 ar Inis Meáin, 4 ar Inis Sionnaigh agus gan duine ná deoraí ar Inis Oirthir.

In 1851, bhí 226 agus in 1861, 248 duine. Claonadh iontach neamhghnách a bhí sa mhéadú ollmhór seo sna blianta le linn agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir. Is amhlaidh a tharraing cuid mhór teaghlach ar na hoileáin in am an anáis.

Inis Meán

Inis Meán

Tá Inis Meán thart ar 1km ó chósta Ghaoth Dobhair suite idir Oileán Ghabhla (ó dheas) agus Inis Oirthear (aduaidh). Bhí cónaí ar an oileán go dtí na seascaidí. Inniu tá an mhór chuid de na tithe tréigthe, ach tá cuid acu anois in úsáid mar thithe samhraidh. Níl leictreachas nó uisce reatha ar Inis ...

le Máirín Uí Fhearraigh, 25ú Samh '16
Inis Oirthear

Inis Oirthear

Mar a deir an t-ainm, Inis Oirthear, an t-oileán thoir is ciall leis an ainm. Tá sé ar an cheann thoir don line oileán atá ag sineadh ó Árainn Mhór soir go Toraí.Oileán cumhan, fada thart fá mhíle ar fad agus ceathrú mile ar leithne atá in Inis Oirthear. Tá sé thart fá mhíle i bhfarraige amach ó chós...

le Máirín Uí Fhearraigh, 25ú Samh '16
Oileán Ghabhla

Oileán Ghabhla

Is seod é Gabhla atá ina luí amach ó chladach Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill ar an taobh thiar thuaidh d’éirinn. Tá sé tuairim agus míle farraige ó Mhachaire Gathlán agus thart ar dhá mhíle ó ché an Bhuna Bhig. Tá suas le 500 acra talaimh ann. Soir ó thuaidh uaidh tá Inis Meáin agus ó thuaidh arís t...

le Máirín Uí Fhearraigh, 25ú Samh '16

Gnóanna & eolais faoi na hOileáin

Comharchumann na nOileán Beag (Ancaire), Gweedore
Tá Comharchumann na nOileán Beag (Ancaire) ar an bhfód ó 1998. Tá dhá sprioc ag an Chomharc...
Ball ó bhí 31ú Mar '17

Ball ó bhí 28ú Lún '19

Ionad Eachtraíochta Oileán Ghabhla, Gweedore
Imeachtaí uisce, cadhcáil, snorcáil.  Turas staire do pháistí agus do dhaoine fásta.  Campa&...
Ball ó bhí 29ú Meit '21

Dreapadóireacht ar Iompainn, Gweedore

  Is oileán beag gan duine ná deoraí ina chónaí air atá in Iompainn suite idir Gabhla agus Inis Meái...

Cruthaithe ar: 1ú Noll '16

Cé an Bhun Bhig, Gweedore

Ba é an t-úinéir talún George Hill a chruthaigh an cuan seo ag deireadh na 1830dí agus é mar aidhm ai...

Cruthaithe ar: 3ú Ean '17