Eaglais na hÉireann, Dún Luiche

Eaglais na hÉireann, Dún Luiche, Gweedore

Maidir le Eaglais na hÉireann, Dún Luiche

le Admin

Tógadh an eaglais ar ordú ó Jane Smith Russel i gcuimhne ar a fear céile, James Russel a bhí ina thiarna talún ar eastát Dhún Luiche suas go dtí a bhás in 1848. Coisreacadh an eaglais ar an 1ú lá de Mheán Fómhair 1853.

Tá an eaglais tógtha le marmar ban agus cloch ghorm, chomh maith le brící dearga a rinneadh go háitiúil atá le feiceáil thart ar imeall na bhfuinneog.

Le himeacht na mblianta, tháinig meath ar phobal na heaglaise agus chuaigh cóiriú na háite i ndonas. I 1955, baineadh an díon den eaglais mar gheall ar chúrsaí sábháilteachta. Cuireadh an troscán & trealamh chuig eaglaisí eile sa deoise.

 

Chuir an pobal áitiúil bail ar an urlár sa bhliain 1987 le tuilleadh oibreacha caomhnaithe ar an eaglais é féin agus ar an bhalla mórthimpeall i 2005. Thóg an pobal áitiúil cuid mhór den airgead a chuaigh don athchóiriú seo.