An Earagail

An Earagail, Gweedore

Maidir le An Earagail

le Admin

Ag 751 meadar, tá an Earagail ar an chnoc is airde i measc Shléibhte Dhoire Bheatha agus is cinnte gurb é an ceann is aitheanta mar a léiríodh san iris Walking & Hiking Ireland nuair a bhronn siad an teideal 'Irelands Most Iconic Mountain' air. Is é an cnoc is airde sa chontae chomh maith agus téann sé i bhfeidhm go mór ar an timpeallacht uilig thart air.

Radharc maorga an Earagail ó thaobh ar bith agus is cinnte gur ceann de na radhairc is drámatúla nó an radharc ó thaobh Ghort a' Choirce a thaispeánann cuid taobhanna fiaclach, grianchloichíte an chnoic. Sin ráite, is é an radharc is cáiliúla nó an ceann as Gaoth Dobhair, áit a bhfuil cruth phirimideach na hEaragaile le feiceáil go glan soiléir.

Glacann sé thart ar uair a chloig barr an Earagail a bhaint amach ón charrchlós & 40 bomaite eile arais anuas.