Cró Nimhe (Gleann Nimhe)

Maidir le Cró Nimhe (Gleann Nimhe)
le Admin Suite ag bun an Eargail i measc Sléibhte Dhoire Bheatha, tá Gleann Nimhe ar cheann de na ceantair is áille i gcontae a bhfuil clú air mar gheall ar a chuid áilleachta. Is foinse díospóireachta bunús an ainm Gleann Nimhe agus níl ganntanas ar bith scéalta ag baint leis. Scéal amháin nó go dtagann an t-ainm ó phlanda nimhiúil a fhásann sa Ghleann (bainne caoin) a ba chúis le bás scuad saighdiúirí Sasanacha a bhí ag campáil sa Ghleann. Scéal níos coitianta, nó go bhfuair an Gleann a ainm ó Bhalor na Súile Nimhe, an fathach le súil amháin i lár a éadain a raibh cónaí air ar Oileán Thoraigh. Deirtear gur maraíodh sa ghleann é le sleá tríd a shúil. Nuair a chuaigh an tsleá tríd a shúil, dhoirt an fhuil amach as agus thiontaigh sé an gleann dearg. Chomh maith le seo, scoilt an fhuil an chloch mhór 'Cloch hAtán' ina thrí chuid agus tá sé le feiceáil sa ghleann go dtí'n lá atá inniu ann. Ach sé'n scéal is inchreidte b'fhéidir nó gur botún simplí a bhí ann a rinne cartagrafaí Sasanach agus go dtagann an t-ainm ón fhocal 'Neamh'' agus gur 'Gleann Neamhach' a ba cheart a bheith air. Cé acu atá sé fíor nó nach bhfuil is cinnte go mbeadh an t-ainm seo tuillte go maith.
Saghas | |
---|---|
Gnóanna/Seirbhísí Bainte |