Siulóid An Chlocháin Bhig
View route map for Siulóid An Chlocháin Bhig on plotaroute.com
Maidir le Siulóid An Chlocháin Bhig
A-B. Ag fágáil Ionad Naoimh Pádraig, tiontaigh ar dheis agus lean na comharthaí glas agus corcra.
Tá na comharthaí corcra faoi choinne Lúb Loch na Caillí. I ndiaidh 50m, tiontaigh ar dheis agus lean den seanbhealach cloiche..seo an sean iarnród. Tagann deireadh le seo in aice le droichead áit a n-imíonn an cosán ar dheis agus ar aghaidh ar feadh 150m eile fhad leis an N56. Bí faichilleach ag trasnú an bhealaigh mhóir agus lean den bhealach caoráin le taobh na dtithe. Lean de na comharthaí ar feadh 500m eile fhad le gabhal, áit a n-imíonn Lúb Loch na Caillí ar chlé. Lean díreach ar aghaidh.
B-C. I ndiaidh 500m eile, tiocfaidh tú fhad le crosbhealach áit a mbuailfidh tú arís leis na comharthaí corcra. Lean ort díreach ag an chrosbhealach ar feadh 1.5km go dtiocfaidh tú fhad leis an N56 arís. Bí cúramach arís ag trasnú agus tiontaigh ar chlé. I ndiaidh 100m, tiontaigh ar dheis síos mionbhóthar beag agus siúil leat ar feadh 1km go dtí gabhal 3-bhealach in aice le droichead beag ar do thaobh chlé. Siúl díreach ar aghaidh.
C-A. I ndiaidh 200m fágann an siúlóid an bóthar agus imíonn sé ar dheis síos le taobh inbhir. Lean de na comharthaí agus i ndiaidh 100m trasnaigh an sruthán beag ag an Chlochán Bhig – sean droichead a thug a ainm den tsiúlóid seo. Díreach ina dhiaidh, tá tú ar chosán glas. Tá bior beag de shiúlóid anseo ag dul ar chlé ar a dtugtar Siúlóid Cois Gaoithe (Is fiú go mór é agus ní ghlacann sé ach 20 bomaite amach agus arais). Tagann an cosán glas arais amach tú ag an R257 – trasnaigh agus tiontaigh ar dheis, níl ann anois ach 300m go ceann scríbe.
Tús | |
---|---|
Fad (km) | 6.5 km |
Deacracht | Moderate |
Am | |
Cineal | marked-path |