Lúb Loch Na Caillí

View route map for Lúb Loch Na Caillí on plotaroute.com

Maidir le Lúb Loch Na Caillí

A-B. Ag fágáil Ionad Naomh Pádraig, tiontaigh ar dheis agus lean na comharthaí glas agus corcra. Tá na comharthaí corcra faoi choinne Lúb Loch na Caillí agus na rudaí glas faoi choinne Lúb an Clochain Bhig. I ndiaidh 50m tiontaigh ar dheis agus lean den seanbhealach cloiche..seo an sean iarnród. Tagann deireadh le seo in aice le droichead áit a n-imíonn an cosán ar dheis agus ar aghaidh ar feadh 150m, eile fhad leis an N56. Bí faichilleach ag trasnú an bhealaigh mhóir agus lean den bhealach caoráin le taobh na dtithe. Lean de na comharthaí ar feadh 500m eile fhad leis an gabhal, áit a n-imíonn Lúb Loch na Caillí ar chlé.

 

B-C. Anois lean na comharthaí corcra agus bain sult as siúlóid phléisiúrtha ar bhealach caoráin thart ar an Chnoc Ghlas & Loch na Caillí le radhairc breátha den timpeallacht agus amach fhad leis na hoileáin. Tar éis 4km, tiocfaidh tú ar Lúb an Clocháin Bhig arís, imigh ar chlé anseo.

 

 

C-D I ndiaidh 500m eile, tiocfaidh tú fhad le crosbhealach áit a mbuailfidh tú arís leis na comharthaí corcra. Lean ort díreach ag an chrosbhealach ar feadh 1.5km go dtiocfaidh tú fhad leis an N56 arís. Bí cúramach arís ag trasnú agus tiontaigh ar chlé. I ndiaidh 100m, tiontaigh ar dheis síos mionbhóthar beag agus siúil leat ar feadh 1km go dtí gabhal 3-bhealach in aice le droichead beag ar do thaobh chlé. Siúl leat díreach.

 

 

D-A. I ndiaidh 200m, fágann an siúlóid an bóthar agus imíonn sé ar dheis síos le taobh inbhir. Lean de na comharthaí agus i ndiaidh 100m trasnaigh an sruthán beag ag an Chlocháin Bhig – sean droichead a thug a ainm den tsiúlóid seo. Díreach ina dhiaidh, tá tú ar chosán glas. Tá bior beag de shiúlóid anseo ag dul ar chlé ar a dtugtar Siúlóid Cois Gaoithe (Is fiú go mór é agus ní ghlacann sé ach 20 bomaite amach agus árais). Tugann an cosán glas árais amach tú ag an R257 – trasnaigh agus tiontaigh ar dheis, níl ann anois ach 300m go ceann scríbe.

TúsIonad Naomh Padraig
Fad (km)10.3 km
DeacrachtDifficult/Moderate
Am
Cineal marked-path, mountains/hills