Amharclann Ghaoth Dobhair

Amharclann Ghaoth Dobhair, Gweedore

About Amharclann Ghaoth Dobhair

D’oscail an t-aisteoir Siobhán Ni Chionnaith Amharclann Ghaoth Dobhair go hoifigiúil i 1961 agus lean an drámaíocht ar aghaidh i nGaoth Dobhair ó shin agus bhí Tomás Mac Giolla Bhríde ag léiriú drámaí suas go dtí 2013, cúpla mí sula bhfuair sé bás. Ba mhór an chailliúnt é, bhí sé mar chnámh droma ag an Amharclann ó fosclaíodh é.Bhí an amharclann as úsáid le roinnt blianta ach rinneadh ath-chóiriú uirthi le gairid, agus ath-oscail sí arís don phobal ar an 24ú Márta 2017.

Stadas dleathúil Aisteoirí Ghaoth Dobhair
Tá stádas carthanachtach ag Amharclann Ghaoth Dobhair. (Amharclann Gaoth Dobhair an t-ainm dleathúil). Is iad seo a leanas na hiontaobhaithe:

Áine Mhic Iomhair, Mánas Ó Domhnaill, Bernadette Ní Mhaolagáin, Pól Mac Cumhaill, Aodh Mac Fhionnghaile, Aodh Ó Duibheannaigh, Eoghan Mac Giolla Bhrighde, Cathal Ó Gallchóir agus Micheál Ó Duibhir.

Find In
Facilities
Gaeilge Spoken
Wheelchair Accessible