Gaoth Dobhair
Ceantar fíorálainn suite idir na Rosa agus Cloich Cheannaola, idir sliabh is cladach, i gcoirneál thiar thuaidh Thír Chonaill atá i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.
Anseo tá áilleacht mara agus tíre. Ó dheas, an Earagail, “Rí na gCnoc”, ina sheasamh go bródúil “ina stua os cionn caor is call” os cionn na codach eile – Taobh an Leithid agus Cró na Leacht ar thaobh amháin agus Sléibhte Dhoire Bheatha ar an taobh eile; Cró Nimhe agus Loch Dhún Lúiche “go ciúin sa ghleann ina luí”. Ó thuaidh, radharcanna aoibhne ó Chnoc Fola; na portaigh, glas le féar is donn le móin; tránna fairsinge ciúine agus céanna beaga seascair ag amharc amach ar na hoileáin, Gabhla, Inis Meáin, Inis Oirthir agus Inis Sionnaigh atá mar a bheadh slabhra ag cosaint na mórthíre ar stoirmeacha agus ar shíon an Atlantaigh.
An tAinm
Ní raibh Gaoth Dobhair ann mar ainm dúiche ná paróiste ar dtús, ach mar ainm ar an ghaoth/abhainn ónar baisteadh an ceantar, an cainéal nó an t-inbhear farraige idir an pharóiste agus na Rosa, ar a dtugtar an Gaoth go dtí an lá inniu, agus an abhainn, Abhainn Chroithlí, a shileas anuas ó Loch an Iúir. Focal Sean-Ghaeilge ar uisce atá in dobhar agus bhí eolas fada fairsing sna meánaoiseanna ar an ainm Dobhar mar abhainn thábhachtach a bhí mar chrích idir Tír Luighdeach agus Tír Bháineach, Abhainn Chroithlí an lae inniu.
Ceol
Gidh gur beag am a bhí ag an Athair Séamus Mac Pháidín (Sagart Paróiste 1875-1901) don cheol dúchasach ag deireadh an naoú ceád deág, bhain an Píobaire Mór, Tarlach Mac Suibhne, clú agus cáil amach sa bhaile agus i gcéin. Réitigh Síle Mhící Uí Ghallchóir, Annie agus Cití Eoghain Éamoinn Ní Ghallchóir agus go leor eile an bealach do cheoltóirí móra an lae inniu a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta faighte acu: Enya, Máire Ní Bhraonáin agus Clannad, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Altan, Na Caisidigh, Maria Nic Cumhaill, Aoife Ní Fhearraigh, Emma Ní Fhíoruisce agus An Crann Óg.
An bhfuil paróiste eile sa tír (nó sa domhan fiú) as a dtáinig amhránaithe chomh binn agus chomh cumasach?
Tá iomrá leitheadach ar Theach Hiúdaí Beag agus ar Thabhairne Leo don cheol traidisiúnta agus ar Theach Jack don damhsa céilí.
An Ghaeilge
Is é Gaoth Dobhair croílár Ghaeltacht Thír Chonaill, ceann de phríomhcheantair Ghaeltachta na tíre. Labhartar an Ghaeilge go forleathan in achan chuid den pharóiste. Tagann suas le 2,000 déagóir ó na ceithre hairde ag triall ar “Gaeltacht Gheal Ghaoth Dobhair” achan samhradh le freastal ar chúrsaí i gColáistí na bhFiann agus an Phiarsaigh, i gColáistí Chú Chulainn agus Ghael Linn. Caitheann na céadta ábhar oide ó na hinstitúidí oideachais tréimhse foghlama achan bhlian in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, i gColáistí Chú Chulainn agus an Phiarsaigh. Tagann na sluaite ó achan chearn den tír agus den domhan le freastal ar chúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a eagraíonn Gael Linn, Gaelturas, Teach an Mháistire agus an tAcadamh. Bíonn cúrsa do theaghlaigh i bPobalscoil Ghaoth Dobhair gach samhradh ag Cumann an Phiarsaigh
Is trí mheán na Gaeilge atá an teagasc ar fad i mbunscoltacha na paróiste, sa Phobalscoil agus in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (OÉ Gaillimh). Is i nGaoth Dobhair atá cuid mhór d’oifigí réigiúnacha agus náisiúnta eagraisí Gaelacha lonnaithe – RTÉ Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, TG4, Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta. Is i nGaeilge a léitear na hAifrinn uilig i séipéil Chaitliceacha na paróiste.
Taraigí Anseo
Tá scoth na dtithe ósta agus na dtithe lóistín sa pharóiste agus Brú Óige úr an Earagail i nDún Lúiche. Tagann na sluaite go Gaoth Dobhair ó cheann ceann na bliana chuig Loinneog Lúnasa, Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, Féile Chnoc Fola ,Féile an Earagail i nDún Lúiche agus imeachtaí eile, agus le áilleacht agus saibhreas cultúrtha an cheantair Ghaeltachta seo ar Shlí An Atlantaigh Fhiáin a bhlaiseadh.
Ní bheidh tú díomhaoin anseo i nGaoth Dobhair...
Siúlóidí aoibhne cois trá nó ag bun na gcnoc...... Tránna fairsinge glana..... Lá don teaghlach in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche.......Cúrsa gailf breá cois cladaigh i Machaire Gathlán........Caith lá ar Oileán Ghabhla ag spaisteoireacht agus ag amharc uait....Téigh go barr na hEaragaile go bhfeice tú áilleacht an cheantair..... Blais scoith an bhia farraige i mbialanna bréatha na háite.....Iascaireacht mhaith sna haibhneacha lonracha agus san fharraige ghlégheal......Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe agus Oileán Thoraigh sa chomarsanacht agat.
Ag Taisteal go Gaoth Dobhair
Cé go bhfuil Gaoth Dobhair suite i gcoirneál thiar thuaidh na hÉireann, nil an ceantar chomh scaite agus a bhí san am a chuaigh thart. Tagann eitleán de chuid Aer Lingus ó Bhaile Átha Cliath go hAerfort Dhún na nGall i gCarraig Fhinne (trasna an uisce ó Ghaoth Dobhair) dhá uair achan lá agus ó Ghlaschú trí lá sa tseachtain. Tagann busanna Mhic Fhionnaoile cúpla uair sa lá ón phríomhchathair go Gaoth Dobhair, bus Phádraig Uí Ghallchóir ó Bhéal Feirste agus busanna Feda Uí Dhónaill as Gaillimh.