Maidir le An Chrannóg
Tá dhá Chomharchumann éagsúla lonnaithe sa Chrannóg. Bunaíodh Comharchumann na nOileán Beag i 1998 le hionadaíocht a dhéanamh ar oileáin Dhún na nGall. An dá sprioc atá ag an gComharchumann ná forbairt na nOileán agus cumasú na n-oileánach. Bunaíodh Comharchumann Ghaoth Dobhair sa bhliain 1984. Bunaíodh coiste forbartha ar dtús agus b’as an gcoiste sin a d’fhás an Comharchumann. Ceannaíodh an sean-Cheardscoil i 1989 agus tá an Comharchumann ann ó 1992. Tá an t-ionad ag feidhmiú mar ionad Gaeilge, Oideachais agus Fiontair.
Campaí Samhraidh do pháistí, Circail Chomhrá, Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa, Ranganna Gaeilge, Seomraí Cruinnithe, Spás Taispeántais.