An Gailearaí

An Gailearaí, Gweedore

Maidir le An Gailearaí

Is gailearaí proifisiúnta é 'An Gailearaí' atá a reáchtáil ag Gailearaí na gCroisbhealaí Teo. A bhuí don tionscadal seo, atá lonnaithe i nGaeltacht Dhún na nGall, cuirtear dearcealaín chomhaimseartha den chéad scoth ar taispeántas don phobal. Mar pháirt dár gclár taispeántais bliaintúil, cuirimid deiseanna agus tacaíocht ar fáil chun cuidiú le healaíontóirí a gcuid saothar a chur i gcrích agus a chur ar taispeántas. Tá spéis ar leith ag 'An Gailearaí' i bhforbairt agus i gcoimisiniú saothar a úsáideann foinsí cultúrtha traidisiúnta agus a léiríonn céadfaíocht Gaeltachta. Tá an Gailearaí ag feidhmiú mar chosantóir náisiúnta do mhothú cultúrtha comhaimseartha ar mhaithe leis an eispéireas seo a leathnú agus a chur chun tosaigh in ionaid agus in áiteanna eile trí chamchuairteanna a thabhairt orthu.

Saghas
Áiseanna
Gaeilge & Fáilte
Oiriúnach do chathaoireacha rothaí