Brú an Earagail
-
Brú an Earagail An Óige Dunlewey Gweedore
Maidir le Brú an Earagail
Suite i gcroílár Ghaeltacht Thír Chonaill, is é Brú an Earagail, Dún Lúiche, ceann de na brúnna is sócúlaí agus nua aimseartha in Éirinn le radharcanna áille ar bhreáthacht agus ar mhaorgacht thírdhreach fhiáin Dhún na nGall. Tá muid an-bhródúil as na gradaim uilig atá bronnta orainn- Tripadvisor Certificate of Excellence 2016, Design Ireland 2015(an taon Bhrú in Éirinn!), EU Ecolabel agus Booking.com 9.1/10 2015. Tá muid ceadaithe ag Fáilte Ireland. Tá neart rogha agat de sheomraí: Tá seomraí cúpla (ensuite), seomraí dúbailte (ensuite), seomraí 4 leaba agus seomraí 6 leaba le radharc iontach as achan fhuinneog. Tá bricfeasta éadrom bunúsach san áireamh sa ráta! Tá seomra suite mór agus beag againn, seomra thriomú mór le do chuid éadach fliuch a thriomú, cistin féinfhreastail agus WiFi saor in aisce! An áit is fearr ar domhan le siúl, le spaisteoireacht, do scíth a ligean agus bheith ar do sháimín só.. Dátaí Oscailte: 1ú Márta-31ú Deireadh Fómhair-Oscailte do ghrúpaí de 10+ ar feadh na bliana, deanann muid bia do grúpaí fósta. Dean teagmháil linn: errigal@anoige.ie 0035374 953 1180 anoige.ie
Saghas | |
---|---|
Áiseanna | Gaeilge & Fáilte
Bia ar fáil
Áit Lóistín
Wifi saor in aisce
Cárta Creidmheasa
|
Airteagail |