Muintearas

Muintearas, Gweedore

Maidir le Muintearas

Is eagraíocht oideachais agus oiliúna pobail é Muintearas a bunaíodh i 1980. Tá ceanncheathrú na heagraíochta lonnaithe i dTír an Fhia, Leitir Móir, Co na Gaillimhe; agus tá fo-oifigí i nGaeltachtaí Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus Chiarraí.

Cuirtear oideachas ar fáil do gach aois-ghrúpa sa phobal, ó réimse na réamhscolaíochta go dtí oideachas fadsaoil do dhaoine fásta. Tá Muintearas ag obair i ngach gné de chúrsaí oideachais, oiliúna agus seirbhísí do phobal na Gaeltachta.

Tá taithí na mblianta againn ar shealbhú agus buanú teanga sa nGaeltacht. Le blianta anuas tá muid ag baint earraíochta as na ndeiseanna a chuireann nuatheicneolaíocht chumarsáideach ar fáil do phobail iargúlta. Tá eolas agus aithne ag Muintearas ar gach aon phobal Gaeltachta, i gceantair Ghaeltachta eile ó a bheith ag obair leo chun dul i ngleic le mí-bhuntáiste, agus chun cothrom na Féinne a bhaint amach dóibh. Tá clár-oibre Mhuintearais dírithe ar na réimsí seo a leanas:

 

  • luathfhorbairt an linbh;

  • oideachas bunscoile;

  • forbairt ábhair foghlama;

  • cláracha don óige;

  • tograí tacaíochta teanga;

  • nuatheicneolaíocht chumarsáideach;

  • cláracha oiliúna;

  • taighde. 

Saghas
Áiseanna
Gaeilge & Fáilte