RTÉ Raidió na Gaeltachta

-
RTÉ Raidió na Gaeltachta Doirí Beaga Leitir Ceanainn Co. Dhún na nGall
Maidir le RTÉ Raidió na Gaeltachta
Bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta le seirbhís iomlán raidió a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre, agus anois ar fud an domhain. Tá stiúideo againn i nDoirí Beaga i nGaeltacht Thír Chonaill, agus craoltar rogha leathan cláracha ón cheantar gach lá den tseachtain - nuacht, spórt, cláracha irise, ceol, siamsaíocht, fógraí, agus neart eile. Is féidir éisteacht linn ar 92-94 fm agus ar líne ag www.rte.ie/rnag, áit a bhfuil podchraoltaí le fáil fosta. Tá muid ar Sky ar chainéal 0166 nó 905 ar Virgin. Is féidir leat nasc a dhéanamh linn ar Facebook agus ar Twitter fosta.
Saghas | |
---|---|
Áiseanna | Gaeilge & Fáilte
Oiriúnach do chathaoireacha rothaí
|
Airteagail |