Cé an Bhun Bhig

Maidir le Cé an Bhun Bhig
le Admin Ba é an t-úinéir talún George Hill a chruthaigh an cuan seo ag deireadh na 1830dí agus é mar aidhm aige dlús a chur faoin iascaireacht. Thóg sé stór do ghrán ar an ché, d'oscail sé siopa agus bácús agus mhol sé do na mná stocaí a chniotáil agus iad a dhíol. Dúirt sé gur 'fir chróga mhara' a bhí sna hiascairí. Faoi na 1890dí, bhí neart ar bun sa chuan seo. Scadán agus ronnach is mó a bhí a dtabhairt i dtír. Tugadh gliomaigh agus portáin ó na hoileáin ar churach ar dtús, ansin ar chairt, ar an iarnród, ar bhád gaile agus ar iarnród arís ar a mbealach go bialanna Londain. Níl leath-oiread ag iascaireacht sa lá tá inniu ann agus tá oiread báid pléisiúir sa chuan anois agus atá de bháid iascaireachta. Is as an ché seo a fhágann bád farantóireachta Oileán Thoraigh chomh maith.
Saghas | |
---|---|
Gnóanna/Seirbhísí Bainte |