Dreapadóireacht ar Ghabhla
Maidir le Dreapadóireacht ar Ghabhla
le Iain Miller as UniqueAscent Is é Oileán Ghabhla croílár na dreapadóireachta ar chósta thiar Dhún na nGall. Tá thar 200 bealach singil ó deacair go E5 ar na beanna farraige eibhir agus ar na lomáin intíre atá scaipthe ar fud an oileáin. Don chuid is mó, sé scoth an eibhir, glanta ag an fharraige atá ar fáil, le corr áit ina bhfuil clocha scaoilte. Is é an rud atá ar fáil i nGabhla nó scoth na dreapadóireachta i suíomh fiáin, iargúlta i gceann de na ceantair is áille sa tír. Tá an t-oileán é féin suite míle ó chósta Ghaoth Dobhair agus is minic a bhíonn an ghrian ag scoilteadh na gcloch ar an oileán agus é ag baistí san am cheanna ar an tír mhór. Sé'n áit is fearr campála ar an oileán nó idir Loch Mhachaire na nGall agus an trá. Níl ach 10 bomaite de shiúlóid ó sin go dtí na suímh dreapadóireachta uilig, agus níl áit níos deise le muscailt maidin shamhraidh. Tá farraige chiúin de dhíth le tabhairt faoi chuid beanna Ghabhla go sábháilte. Níos mó eolas ag: http://www.uniqueascent.ie/gola_island_guide
Oileán | |
---|---|
Saghas | |
Gnóanna/Seirbhísí Bainte |