Na Tiarnaí Talún

Maidir le Na Tiarnaí Talún
le Admin Go dtí tús an 19ú céad, ní raibh daonra mór sa pharóiste agus is cosúil go raibh cumann maith idir na daoine agus úinéirí na talún. Ba le teacht na dtiarnaí talún úra sa 19ú céad, go háirithe Lord George Hill (1801 – 1879) agus a mhac Arthur, a chuaigh saol na ndaoine sa pharóiste chun donais. Thug pobal na paróiste, faoi stiúir an Athar Séamas Mac Pháidín (sagart paróiste 1875 – 1901), dushlán na dtiarnaí talún le bunú Chonradh na Talún agus leis an Plan of Campaign. Ba é marú an Mhairtínigh (District Inspector William Martin) taobh amuigh de Theach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga ar an Domhnach, 3 Feabhra 1889 buaicphointe Chogadh na Talún i nGaoth Dobhair.
Saghas | |
---|---|
Gnóanna/Seirbhísí Bainte |