Trá Mhachaire Chlochair

Trá Mhachaire Chlochair, Gweedore

Maidir le Trá Mhachaire Chlochair

le Admin

Tá clú agus cáil ar thrá Machaire Chlochair mar gheall ar Bhád Eddie atá ag coinneal súil ghéar ar an trá ó bhí na seachtóidí ann agus is beag turasóir a tháinig na háite ó shin a d'fhág gan grianghraf a fháil den bhád.

 Is trá ghalánta í ag amharc trasna ar an Charraig Fhinne. Tá sé breá furast a fháil a fhad léi agus tá go leor páircéala díreach in aice léi. Cé go bhfuil sé éadomhain amach a fhad leis an chainéal, tá an cainéal iontach contúirteach agus níl an trá fóirsteanach faoi choinne snámh.