Dreapadóireacht i nGaoth Dobhair

Maidir le Dreapadóireacht i nGaoth Dobhair
le Iain Miller as UniqueAscent Tá 25km de chósta ag paróiste Ghaoth Dobhair ag síneadh ó Mhín a Chladaigh anoir fhad le Croithlí agus thiocfadh leat cur síos a dhéanamh air mar thrá mhór den sórt a fheictear sa muir Chairib le linn an tsamhraidh. Tá an pharóiste lán éadain charraige agus deiseanna le dul ag dreapadóireacht. Tá go dtí seo dhá phríomh-shuíomh dreapadóireachta..tá siad beag ach cuireann an dá cheann leathlae de phléisiúr ar fáil don dreapadóir. Sé Tor na Dumhcha an ceann is fearr agus tá scoth an eibhir ansin ar nós cuid Oileán Ghabhla le triail a bhaint as. Tá go leor deiseanna dreapadóireachta le fáil ar na hoileáin fosta agus bíonn bád farantóireachta laethúil ag freastal ar Oileán Gabhla le linn an tsamhraidh. Níos mó eolais ag http://www.uniqueascent.ie/gweedore_guide
Saghas | |
---|---|
Gnóanna/Seirbhísí Bainte |