Teach Mhuiris

Maidir le Teach Mhuiris
le Admin Tógadh Teach Mhuiris in 1860; bhí sé le bheith leagtha sna 80dí, ach sábháladh é agus rinneadh athchóiriú air. Fuair Muiris, an duine deireanach de lucht an tí bás i 1979. Tá an teach anois faoi úinéireacht Údarás na Gaeltachta. Is é an t-aon teach ceann tuí sa cheantar agus bhí iomrá air mar theach airneáil. Tá sé ina struchtúr faoi chosaint agus rinneadh athnuachan ar an díon i 2005. Tá an teach faoi chúram Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ó bhí 2009 ann i gcuideachta le roinnt scéimeanna fostaíochta pobail. Tá sé in úsáid ag an chóiste mar Theach Ceoil/Airneáil agus cuirtear ócáidí cultúrtha & oidhreachta ar fáil ann. Bíonn Féile Chnoc Fola bunaithe thart ar Theach Mhuiris agus béim ar scileanna traidisiúnta, ceardaíochta, feirmeoireachta agus modhanna cócaireachta. Tá sé oscailte do thurasóirí i rith an tsamhraidh agus tugann suas le 2,000 duine cuairt ar an teach gach bliain. Tá cuid mhór sean uirlisí agus gléasanna le feiceáil taobh istigh chomh maith le eolas ar ghinealach an cheantair. Tá treoraí lánaimsire ann atá fostaithe tríd an scéim fostaíochta. Níl táille ar bith ag an doras, ach is féidir síntiús a thabhairt.
Saghas | |
---|---|
Gnóanna/Seirbhísí Bainte |