Na chead daoine i nGaoth Dobhair

Maidir le Na chead daoine i nGaoth Dobhair
le Admin Ba í an Phlandáil Ultach (1609) a chuir cor i gcinniúint na paróiste. Thug na teaghlaigh Ghaelacha a díbríodh as a gcuid talún méithe fán Lagán agus na ceantair máguaird a n-aghaidh ar thalamh bocht caoráin Iarthar Thír Chonaill. Nuair a shroich cuid acu Gaoth Dobhair, ní fhéadfadh siad a dhul níos faide siar. Ba i dtrátha an ama seo fosta a thosaigh Sasanaigh agus Albanaigh a chur fúthu anseo nuair a roinneadh an “unchartered territory” seo ina bharúntachtaí. Is cosúil gur beag cónaí a bhí sa pharóiste roimh an 17ú céad. Na chéad daoine a tháinig, chónaigh siad ar na hoileáin, nó cois cladaigh sna “cloigíní”, dornán beag tithe déanta i gcuideachta agus ar fhoscadh a chéile.
Saghas | |
---|---|
Gnóanna/Seirbhísí Bainte |