An Ghaeilge

Maidir le An Ghaeilge
le Admin Is é Gaoth Dobhair croílár Ghaeltacht Thír Chonaill, ceann de phríomhcheantair Ghaeltachta na tíre. Labhartar an Ghaeilge go forleathan in achan chuid den pharóiste. Tagann suas le 2,000 déagóir ó na ceithre hairde ag triall ar “Gaeltacht Gheal Ghaoth Dobhair” achan samhradh le freastal ar chúrsaí i gColáistí na bhFiann agus an Phiarsaigh, i gColáistí Chú Chulainn agus Ghael Linn. Caitheann na céadta ábhar oide ó na hinstitúidí oideachais tréimhse foghlama achan bhlian in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, i gColáistí Chú Chulainn agus an Phiarsaigh. Tagann na sluaite ó achan chearn den tír agus den domhan le freastal ar chúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a eagraíonn Gael Linn, Gaelturas, Teach an Mháistire agus an tAcadamh. Bíonn cúrsa do theaghlaigh i bPobalscoil Ghaoth Dobhair gach samhradh ag Cumann an Phiarsaigh Is trí mheán na Gaeilge atá an teagasc ar fad i mbunscoltacha na paróiste, sa Phobalscoil agus in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (OÉ Gaillimh). Is i nGaoth Dobhair atá cuid mhór d’oifigí réigiúnacha agus náisiúnta eagraisí Gaelacha lonnaithe – RTÉ Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, TG4, Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta. Is i nGaeilge a léitear na hAifrinn uilig i séipéil Chaitliceacha na paróiste.
Saghas | |
---|---|
Gnóanna/Seirbhísí Bainte |