Tór Uí Fharragáin

Maidir le Tór Uí Fharragáin
le Iain Miller as UniqueAscent Oileán eibhir 22m ar airde atá i Tór Uí Fharragáin agus é suite sa chainéal idir Oileán Ghabhla agus Iompainn 4 km amach ó chósta Ghaoth Dobhair. Tá an t-oileán a chosaint ar gach taobh le beanna cósta ar chaighdeán chomh maith le cuid Oileán Ghabhla agus cuireann siad ar fáil flúirse deiseanna don dreapadóir. Tá scairdeán ollmhór istigh i lár an Oileáin a choinneodh suas le milliún tonna uisce mara san am. Níl uisce úr ar bith ar an Oileán ach tá sé dubh le héanacha agus tá cónaí ar suas le 500 péire fulmairí agus méid beag gainéid chomh maith. Níl an tOileán furast le dhul i dtír air agus 'sé cadhcáil an modh is fearr, ach fiú ag seo, níl sé furast mar nach bhfuil tránna nó cuain ar bith ar an Oileán. Sé'n dóigh is fearr le dhul i dtír air nó ar an taobh thoir den oileán, áit a bhfuil seilf carraigeacha ag leibhéal na farraige. Níos mó eolas ag: http://www.uniqueascent.ie/tororragaun
Saghas | |
---|---|
Gnóanna/Seirbhísí Bainte |