Dreapadóireacht ar Iompainn
Maidir le Dreapadóireacht ar Iompainn
le Iain Miller as UniqueAscent Is oileán beag gan duine ná deoraí ina chónaí air atá in Iompainn suite idir Gabhla agus Inis Meáin.Tá Iompainn 3km ó tír mór agus bíonn an fharraige measartha garbh thart air. Tá cúpla míle éan farraige ina gcónaí ar an oileán ach is beag duine a thugann cuairt air .Níl seirbhís bád ar bith go hIompainn ach is féidir leat iomramh fhad leis ar bhád nó ar chadhc. Tá cuan beag ann le teacht i dtír go sábháilte idir an t-oileán agus Tor na gColpach .Tá an chuid eile den oileán lán de bheanna arda farraige agus is dúshlán mór iad do dhreapadóirí.
Saghas | |
---|---|
Gnóanna/Seirbhísí Bainte |