Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, Gweedore

Maidir le Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

é go bhfuil an Earagail agus a thimpeallacht mar pháirt den pháirc, tá an príomhbhealach isteach go dtí'n pháirc 10 mbomaite ag tiomána ó charrchlós an Earagail.

Le suas le 16,540 heicteár (40,873 acra) de thalamh, tá Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha ar an Pháirc Náisiúnta is mó sa tír. Tá an talamh seo déanta suas de choillte nádúrtha, cnoic, aibhneacha, lochanna agus gleannta. Tá cónaí fosta anseo ar thréad fia rua, chomh maith le Tionscadal Athbhunaithe an Iolair Fhíréin a bhfuil sé mar aidhm aige daonra iolair fhíréin atá ag pórú a athbhunú in iar-thuaisceart na hÉireann.

 

 

Caisleán Ghleann Bheatha & Ionad Cuairteoirí

 Tógadh an caisleán sna blianta 1870 – 1873 i stíl Albanach. Tá ceann de na gairdíní is fearr in Éirinn thart air agus codarsnacht mhór idir é an timpeallacht gharbh lasmuigh de. Ní féidir fáil isteach sa Chaisleán ach amháin ar thuras treoraithe.

In Ionad na gcuairteoirí tá taispeántais agus léiriúchán closamhairc.

 

 

 

Saghas
Áiseanna
Bia ar fáil
Oiriúnach do chathaoireacha rothaí
Cárta Creidmheasa
Fáilte roimh ainmhithe