An Earagail

View route map for An Earagail on plotaroute.com

Maidir le An Earagail

Tosaíonn an tsiúlóid seo ag carrchlós an Earagail ar an bhóthar ó Ghaoth Dobhair go Leitir Ceanainn (R251). Téann an chead phíosa den tsiúlóid fríd talamh trom caoráin. Lean den sruthán i dtreo rian atá gearrtha amach as an scileach bán ar bhun-fhánaí an tsléibhe.

Lean den chosán seo suas go dtí'n barr. Tá dhá stuaice ag barr an chnoic atá ceangailte le chéile le cosán beag cúng, sé' chead cheann acu seo an fhíor bhuaicphointe, ach tá nós ann an dara ceann a bhaint amach chomh maith.

Ghlac d'am anseo leis na radhairc mórthaibhseacha de shléibhte Dhoire Bheatha, tírdhreach Dhún na nGall, na hOileáin agus an cósta a fheiceáil.

Ní ghlacann sé ach 40 bomaite le pilleadh arais go dtí'n carrchlós, ach bí cúramach ag dul síos, nó tá an scileach iontach scaoilte.

Am ag siúl: Thar uair a chloig suas agus faoi uair árais anuas..tabhair 2-2.5 uair duit féin.

 



Tús
Fad (km)4.5 km
DeacrachtModerate
Am
Cineal mountains/hills